Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2023

Tá leagann Béarla ar fáil anseo. 

Cuspóir na Scéime

Is í cuspóir na Scéime Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha, caipiteal príobháideach a ghiaráil lena infheistiú i líon suntasach tionscadail dlúthshaothair bheagscála chaomhnaithe ar fud na tíre agus chun tacú le gairmithe caomhnaithe agus ceardaithe oilte agus taithíocha chun an timpeallacht stairiúil thógtha a dheisiú.

Is €2,500 an cistiú íosta a bhronntar ar thionscadail rathúla agus €15,000 a mhéid.

Faoin SIOT, níor cheart do luach iomlán an chisithe phoiblí go léir a sholáthraítear do thionscadail aonair 50% de chostas iomlán an tionscadail a shárú, cistiú ina measc a fhaightear ó ghníomhaireachtaí poiblí eile, an SEAI, an Chomhairle Oidhreachta, LEADER, Ranna Rialtais agus údaráis áitiúla eile ina measc. Ní féidir obair dheonach (sochar comhchineáil) nó cistí/ranníocaíochtaí féin údarás áitiúil nó cistiú ó fhoinsí eile státchiste a úsáid chun riachtanas an chaiteachais chomhfhreagraigh a shásamh.

Cáilitheacht

Tá an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha deartha chun cabhrú le deisiú agus caomhnú struchtúr a chosnaítear faoin na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt. I gcásanna áirithe, tugann an scéim tacaíocht ar fáil chomh maith, chun struchtúir a chaomhnú laistigh de Limistéir Chaomhantais Ailtireachta (LCA) sa chás, i dtuairim an údaráis áitiúil, gur léiríodh go dteastaíonn oibreacha chun feabhas a chur ar charachtar agus ar dhealramh an LCA. Is í príomhchuspóir na scéime tacú le maoin atá faoi úinéireacht phríobháideach a theastaíonn deisiú agus caomhnú uaithi.

Is féidir leis an scéim seo tacú freisin le tionscadail ina gcuimsítear eilimint de oiliúint i scileanna traidisiúnta. Is gá aon tionscadal dá leithéid a chomhaontú leis an Roinn agus an údarás áitiúil ábhartha.

Struchtúir Cháilitheacha

  1. Struchtúir faoi chosaint. Struchtúir a n-áirítear i dTaifead na Struchtúr faoi Chosaint (an TSC) de chuid gach limistéar údaráis áitiúil. (Aguisín 6 den Plean Forbartha Contae an Longfoirt
  2. Struchtúir faoi Chosaint a Bheartaítear. Struchtúir a bheartaítear a chuimsiú sa TSC ach nár faomhadh go foirmiúil iad go fóill. Caithfear na struchtúir siúd a chur leis an TSC faoin 31 Nollaig. 2023
  3. Struchtúir i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta (LCAanna), nó laistigh de chonláiste Séadchomhartha Náisiúnta, sa chás go measann an Roinn go bhfuil cúinsí eisceachtúla i gceist.

Oibreacha Cáilitheacha agus Neamhcháilitheacha

Tá eolas ar na hoibreacha atá cáilithe agus neamhcháilithe in san Guidance Booklet for Applicants

Tá treoraíocht chun Foirm A a líonadh isteach ar fáil anseo (Béarla).

Tá leagann Gaeilge de Foirm A ar fáil anseo

Caithfear iarratais a dhéanamh le trí ríomhphoist roimh Dé Luain 30 Eanáir 2023. Seol Foirm A, Ráitis Mhodha, griangraif léarscáil srl go heritage@longfordcoco.ie
Cur BHIS 2023 agus ainm an structúr i líne an ábhair, le bhur dtoil. 

Ní ghlacfar ach le hiarratas amháin ar an gCiste um Struchtúir Stairiúla i leith gach struchtúr stairiúil. Is féidir le hiarratas ar struchtúr a dhéanamh faoin gCiste um Struchtúir Stairiúla agus faoin Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha, ach ní féidir ach leas a bhaint ach as deontas amháin faoin gCiste um Struchtúir Stairiúla nó faoin Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha i leith gach struchtúr.

I gcásanna go mbronntar cistiú ar faoin dá scéim, caithfidh an t-iarratasóir a thabhairt le fios cén scéim go dteastaíonn uatha leas a bhaint aisti.

Foilseofar tionscadail ar ar bronnadh cistiú faoin scéim seo ar shuíomh gréasáin na Roinne agus ba cheart iad a fhoilsiú chomh maith ar shuíomh gréasáin an údaráis áitiúil féin. Foilseofar graingraif den tionscadáil ar suíomh idirlín agus na meáin shóisialta Comhairle Chontae an Longfoirt, Seirbhísí Leabharlanna Contae an Longfoirt agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.