Ciste um Struchtúir Stairiúla 2023

Eolas ar an scéim

Is iad príomhaidhmeanna an chiste seo ná:

  • éascú le hoibreacha caomhnaithe ar scála níos airde a bheith curtha i gcrích ar struchtúir oidhreachta a mheastar a bheith suntasach agus tacaíocht phráinneach ag teastáil uathu.
  • spreagadh a thabhairt d'athghiniúint agus d'athúsáid réadmhaoine oidhreachta agus chun cabhrú leis an caomhnú struchtúr cosanta agus/nó sócmhainní atá suntasach go cultúrtha;
  • tacaíocht a thabhairt d’infheistíocht de mhaoiniú príobháideach i dtionscadail dhlúthshaothair a bhfuil sé d’aidhm acu struchtúir stairiúla atá i seilbh phríobháideach agus poiblí araon a chaomhnú i gcomhair úsáid an phobail.
  • tacaíocht a thabhairt d’fhostaíocht sna tionscail chaomhnaithe agus tógála.
    tógáil athléimneachta inár maoine oidhreachta chun cur ar a gcumas seasamh in aghaidh tioncharathrú aeráide.

Tugann an Roinn tacaíocht do thionscnóirí tionscadail eilimint de thraenáil i scileanna traidisiúnta a bheith mar chuid den tionscadal.

Cuirtear fáilte ar leith roimh iarratais maidir le tionscadail athchóirithe nó athúsáid a bhaineann le struchtúir oidhreachta, agus ina léirítear sochar cónaithe soiléir. (Caithfear tionscadail den sórt sin a chur ar aghaidh tríd an bpróiseas pleanála de réir mar is gá.)

Déanfar an Ciste um Struchtúir Stairiúla 2023 a struchturú mar seo a leanas:


1. Sruth 1 - leis seo cuirfear deontais ar fáil ó €15,000 suas go €50,000 le haghaidh athchóirithe riachtanacha agus oibreacha caipitiúla beaga a bhaineann le hathchóiriú agus le caomhnú struchtúr oidhreachta

2. Sruth 1, foshruth Aghaidheanna Siopaí Stairiúla - Chun caomhnú aghaidheanna siopaí stairiúla a spreagadh tugtar cuireadh do gach Údarás Áitiúil iarratas breise a chur isteach faoi Shruth 1 ar dheisiúcháin riachtanacha incháilithe agus oibreacha beaga caipitil chun aghaidheanna siopaí stairiúla, fuinneoga, comharthaíocht agus sonraí gaolmhara eile a athchóiriú agus a chaomhnú ionas go ndéanfar iad a chosaint agus iad a choinneáil in úsáid. Tugtar cuireadh d’Údaráis Áitiúla iarratas breise a dhéanamh ar aghaidheanna siopaí atá i nGaeilge.

3. Sruth 2 - leis seo cuirfear líon beag deontas ar fáil ó €50,000 suas go €200,000 le haghaidhtionscadal feabhsuithe, athchóirithe nó athúsáid níos  mó a bhaineann le struchtúir oidhreachta, i gcás:
a. ina bhfuil buntáiste soiléir don phobal tar éis bheith léirithe, nó
b. Tá sochar cónaithe soiléir léirithe (caithfear tionscadail den sórt sin a chur ar aghaidh tríd an bpróiseas pleanála de réir mar is gá)
Féadfar deontas os cionn € 200,000 a dhámhachtain in imthosca eisceachtúla ina ndéanann an t-iarratasóir cás maidir le tábhacht an tionscadail agus na n-oibreacha atá beartaithe.


4. Sruth um Struchtúir Dhúcasacha – i gcomhthéacs na stratéise atá le teacht faoin oidhreacht dhúchasach, coinneofar sruth píolótach do struchtúir dhúchasacha, ar tugadh isteach in 2021 le maoiniú de €50,000. Tá mar aidhm ag an sruth tacaíocht a thabhairt do dheisiúcháin
chaomhnaithe agus oibreacha caipitiúla beaga ar struchtúir dhúcasacha nach bhfuil ar Taifead ar Dhéanmhais Chosanta (RPS) na n-údarás áitiúil nó faoi chosaint dlí eile. D’fhéadfadh na struchtúir a bheith laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta. Is féidir le gach údarás áitiúil cur isteach ar chistiú do thionscnaimh shainiúla ó idir €5,000 agus €10,000 do thionscnaimh incháilithe.

Is féidir níos mó eolas ar an scéim a íoslódáil ón nasc seo
Is féidir an Foirm Iarrtais trí Ghaeilge a íoslódáil ó seo. 

Ba cheart an foirm iarratais, chomh maith leis na tuairiscigh, mapaí, griangraifeanna srl a sheoladh go heritage@longfordcoco.ie riomh an 31ú Eanair 2023. Cur HSF 2022 agus ainm an structúr in san líne ábhair. 

Nóta: Tá síneadh ama curtha leis an spriocdháta le cur isteach go dtí an 6ú Feabhra 2023