Ciste Séadchomharthaí Pobail

Eolas Faoin gCiste

 

Bhunaigh An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúl agus Oidreachta an Ciste Séadchomharthaí Pobail in 2020,  chun infheistíocht a sholáthar in oidhreacht seandálaíochta na hÉireann. Tugtar tús áite don mhaoiniú seo d’Údaráis Áitiúla, d’úinéirí agus do chaomhnóirí príobháideacha agus do ghrúpaí pobail le haghaidh cúram, caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur chun cinn séadchomharthaí seandálaíochta.

Tá caipiteal riachtanach á infheistiú ag an gCiste Séadchomharthaí Pobail inár n-oidhreacht seandálaíochta chun cabhrú le h-úinéirí agus caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint amach anseo ar mhaithe le pobail agus leis an bpobal i gcoitinne.

Tá tionchair an athraithe aeráide ar ár séadchomharthaí ag éirí níos soiléire. Le méadú ar an síonchaitheamh agus ar imeachtaí tromchúiseacha aeráide, tá an timthriall deisiúcháin ar an oidhreacht thógtha ag éirí níos giorra. Tá cothabháil agus deisiú méadaithe ríthábhachtach chun seasmhacht a thógáil i séadchomharthaí chun cur ar a gcumas tionchair timpeallachta atá ag athrú a sheasamh.

Príomhaidhmeanna an Chiste

Comhnú, cothabháil, cosaint agus cur i láthair séadchomharthaí seandálaíochta trí:

  • cumasú ar oibreacha caomhantais a dhéanamh ar shéadchomharthaí a mheastar a bheith suntasach agus a dteastaíonn tacaíocht phráinneach uathu;
  • seasmhacht a thógáil inár séadchomharthaí le cur ar a gcumas tionchair an athraithe aeráide a sheasamh;
  • rochtain ar shéadchomharthaí a spreagadh agus a gcur i láthair a fheabhsú.

Traenáil Scileanna Traidisiúnta

Molann an Roinn gné oiliúna scileanna traidisiúnta a bheith mar chuid de na tionscadail. Déantar é seo chun cabhrú le scileanna traidisiúnta tógála agus ceardaíochta, a bhfuil leas acu i gcaomhnú séadchomharthaí seandálaíochta, a chaomhnú agus chun cumas a thógáil san earnáil. D’fhéadfadh go molfar oiliúint nuair a bhíonn bearna sna scileanna traidisiúnta atá ar fáil. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo, mar shampla, traenáil agus breisoiliúint i saoirseacht thraidisiúnta agus úsáid moirtéal aoil, ballaí cloiche tirime, díonta, cur tuí, siúinéireacht agus obair iarainn, srl. Beidh sé soiléir san iarratas cé a gheobhaidh an oiliúint agus cé a sholáthróidh an oiliúint. Ba chóir go léirítear go bhfuil creidiúnú cuí ag soláthraithe oiliúna.

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Cuireann an Ciste Séadchomharthaí Pobail maoiniú ar fáil do thionscadail a bhaineann le:

  1. Séadchomharthaí Seandálaíochta atá ar áireamh i dTaifead na Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSA) faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 (arna leasú);
  2. Séadchomharthaí Seandálaíochta atá aitheanta sa Taifead Láithreán agus Séadchomharthaí a thiomsaigh Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta.
Gheofaí tionscadail incháilithe as na catagóirí seo a leanas:
  1. tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil a bhaineann le séadchomharthaí seandálaíochta atá faoi úinéireacht phoiblí, i gcás ina bhfuil béim shoiléir oidhreachta agus leas pobail nó poiblí léirithe;
  2. tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil de bharr iarratas ó iarratasóirí príobháideacha atá ina n-úinéirí nó ina gcaomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iomchuí i gcás ina bhfuil leas poiblí follasach ann;
  3. tionscadail a bhfuil béim oidhreachta sainithe go soiléir acu agus a bhfuil leas pobail nó poiblí acu, atá molta go díreach don Roinn ag eagraíocht státmhaoinithe atá ag obair in earnáil na hoidhreachta

Chun níos mó eolas a fháil, nó chun cur isteach ar an Scéim, téigh go dtí an clib don bliain seo, ar an gcolún ar taoibh na láimhe chlé. ⇐